
Páirc Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora
Do chéad fáilte chuig an ardán rannpháirtíochta poiblí do Thionscadal Pháirc Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora.
Gabhaimid ár mbuíochas le gach duine a bhfuil páirt glactha acu sa phróiseas rannpháirtíochta poiblí le bliain anuas mar chuid de Thionscadal Pháirc Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora.
Fuair muid aiseolas fiúntach ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara lárnacha i ngach cuid den phróiseas. Tá na dearaí tosaigh á leasú againn faoi láthair leis an aiseolas is deireanaí atá faighte againn a chur san áireamh iontu. Déanfar iarratas pleanála Chuid X a chur faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála níos faide ar aghaidh i mbliana chun an chéad chuid den Mháistirphlean a chur i gcrích, an chéad chéim spreagúil eile den tionscadal.
Tá na sonraí teagmhála sa rannóg dar teideal ‘Déan Teagmháil’.