FOGRA


Páirc Bhaile an Rí agus Lána an Mhuilleora

De réir fhorálacha alt 177AE(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), tugtar fógra leis seo go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg faomhadh ón gCoimisiún Pleanála i leith oibreacha:

1. Ar Lána an Mhuilinn (atá suite ar Bhóthar an L-5000 agus ar Lána an Mhuilinn) i mbaile fearainn Rathúin, i gCathair na Gaillimhe; agus

2. Ar Pháirc Bhaile an Rí atá beartaithe (suite ar an mbóthar áitiúil ar a dtugtar Bóthar Altáin, le rochtain ón mBóthar Dáileacháin Thiar) i mbailte fearainn an Chlaí Bháin agus Rathúin i gCathair na Gaillimhe.

Is éard atá i gceist leis an bhforbairt atá beartaithe ná:

Athchóiriú agus leathnú ar an bpáirc atá ann cheana (achar an tsuímh 2.44Ha) ar Lána an Mhuilinn, lena n-áirítear:

I. 2 pháirc pheile atá ann cheana a athlonnú agus a athrú go dtí: 1 pháirc nua 4G le dromchla sintéiseach scraithe uirthi (deartha do thoisí páirce sacair), an sconsa a bhaineann léi agus 6 thuilsholas; agus 1 pháirc shintéiseach nua 2 G líonta le gainimh (deartha chuna bheith in oiriúint de réir toisí don haca), an sconsa a bhaineann léi agus 6 thuilsholas.

II. Foirgneamh dhá stór nua ilfheidhmeach lena n-áirítear: seomraí feistis don phobal agus d’fhoirne spóirt, cithfholcadáin agus leithris; halla spóirt ilfheidhme; seomraí gníomhaíochta ilfheidhme; cistin bheag; 2 ardán féachana; seomra garchabhrach; seomraí stórála; seomraí plandaí; ionad fáiltithe; agus painéil ghréine ar an díon.

III. Spásanna poiblí agus áiseanna nua lena n-áirítear: áit súgartha le sconsa air do pháistí; cosáin inmheánacha; áit le haghaidh cluichí éagsúla; balla dreapadóireachta; ionad callaistéineach; plás poiblí; áiteanna óna mbeidh feiceáil ag an lucht ar an bpáirc; seid le trealamh a stóráil ann; spás glas don chaitheamh aimsire ciúin; soilsiú poiblí; agus suíocháin phoiblí.

IV. Tírdhreachú cuimsitheach (lena n-áirítear géinis agus speicis dhúchasacha) agus bearta draenála bunaithe ar an nádúr, lena n-áirítear gairdíní báistí a chuidíonn le pailneoirí agus ceantair bhith-choinneála, pabháil féarach treisithe, fálta sceach dúchasacha, móinéir le bláthanna gearr-shaolacha iontu, gairdíní le bláthanna fiáine iontu, limistéir faoi chrainn atá dúchasach agus nádúraithe agus sceacha agus plandaí ilbhliantúla atá báúil le pailneoirí.

V. An bealach isteach d’fheithiclí ar Bhóthar an L-5000 a athlonnú; 2 bhealach isteach nua don taisteal gníomhach a chur ar Bhóthar an L-5000, agus feabhas a chur ar an mbealach isteach do choisithe agus do rothaithe ó Lána an Mhuilinn.

VI. 27 spás páirceála (2 spás luchtaithe EV caighdeánacha, 1 spás inrochtana, 1 spás ina bhfuil spás luchtaithe EV agus spás inrochtana le chéile, 1 spás do theaghlaigh, agus 1 spás aoisbhách), 2 spás do chóistí le daoine a scaoileadh amach agus iad rialaithe go huathoibríoch, 3 spás do ghluaisrothair, agus 64 spás do rothair (40 acu gearrthéarmach agus caighdeánach, 2 spás gearrthéarmach do rothair lastais, agus seid sábháilte do rothair, 20 acu caighdeánach agus 2 do rothair lastais).

An forbairt ar an leath thuaidh de Pháirc Bhaile an Rí atá beartaithe (achar an tsuímh 3.43Ha), lena n-áirítear:

I. Páirc nua shíntéiseach féarach 4 G féiliúnach do chinéalacha éagsúla spórt (deartha ar thoisí atá oiriúnach don rugbaí), chomh maith leis an sconsa cuí agus 6 thuilsholas.

II. Foirgneamh dhá stór nua ilfheidhmeach lena n-áirítear seomraí feistis don phobal agus d’fhoirne spóirt, leithris agus cithfholcadáin (cithfholcadáin chaighdeánacha agus inrochtana); halla ginearálta ilfheidhme dhá oiread an ghnáth airde le suíocháin in-aistarraingthe ann; seomraí gníomhaíochta ilfheidhme lena n-áirítear 3 sheomra ag breathnú díreach amach ar an bpáirc imeartha; bothán tráchtaireachta; caifé agus seirbhís; seomra céadfach; seomra garchabhrach; seomra stórála; seomra plandaí; ionad fáiltithe; agus painéil ghréine ar an díon.

III. Spásanna agus áiseanna nua don phobal lena n-áirítear áit súgartha do gach aois; seomra ranga /amfaitéatar amuigh faoin aer; cosáin inmheánacha; ionad ilfheidhme le haghaidh cluichíocht; faiche le haghaidh cluichí neamhfhoirmiúla; páirc boules; ionad callaistéineach; spás taibhithe; plás táirsí do choisithe; both don fhoireann i rannóg na bpáirceanna; stóras le haghaidh bruscar; seid le haghaidh trealamh spóirt; soilsiú poiblí; agus suíocháin phoiblí.

IV. Tírdhreachú cuimsitheach (lena n-áirítear géinis agus speicis dhúchasacha) agus bearta draenála bunaithe ar an nádúr, lena n-áirítear gairdíní báistí a chuidíonn le pailneoirí agus ceantair bhith-choinneála, pabháil féarach treisithe, fálta sceach dúchasacha, móinéir le bláthanna gearr-shaolacha agus fad - saolacha iontu, gairdíní le bláthanna fiáine iontu agus plandaí ilbhliantúla atá báúil le pailneoirí; coillearnach dhúchasach agus nádúraithe agus fásra agus toir ilbhliantúla atá báúil le pailneoirí.

V. An bealach isteach / an t-acomhal chuig an suíomh ar Bhóthar Altáin d’fheithiclí a athrú, agus mionathrú a dhéanamh ar an mbóthar rochtana nua a ceadaíodh faoin bhFhorbairt ar an Ionad Uisce (Tagairt Phleanála 24/60370) chun cuntas a thabhairt ar leagan amach na forbartha seo atá beartaithe.

VI. Obair fheabhsúcháin ar an mbealach don taisteal gníomhach atá ó Dhoire Gheal cheana féin, feabhas ar an gceangal le Scoil Náisiúnta St John the Apostle, Cnoc na Cathrach (trí 'Bealach Sábháilte chun na Scoile'), bealaí nua don taiseal gníomhach nua ó Bhóthar Altáin, agus foráil do 2 bhealach isteach a d’fhéadfadh a bheith sa todhchaí ar thailte soir uaidh (ar an taobh thoir thuaidh de Ghairdíní Bhaile an Rí).

VII. 50 spás páirceála (lena n-áirítear 4 spás luchtaithe EV caighdeánach, 3 spás inrochtana, 1 spás ina bhfuil áis luchtaithe EV agus spás inrochtana le chéile, agus 1 spás aoisbhách), 1 spás páirceála do chóistí, 1 spás ina bhféadfar daoine a scaoileadh amach, 82 spás do rothair (60 acu gearrthéarmach agus caighdeánach, agus seid sábháilte do rothair, 20 acu caighdeánach agus 2 le haghaidh rothair lastais) agus 2 spás do ghluaisrothair.

Aon obair eile atá bainteach agus cúntach.

Ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura (RTN) maidir leis an bhforbairt seo atá beartaithe.

Is féidir na pleananna agus na sonraíochtaí don fhorbairt atá beartaithe, lena n-áirítear an RTN, a fheiceáil agus beidh siad ar fáil lena scrúdú nó lena gceannach ar tháille nach sáróidh costas réasúnta cóipeála, ar feadh tréimhse 6 seachtaine ón Luan 17 Samhain 2025 go dtí an Luan 12 Eanáir 2026(an dáta deiridh san áireamh), (cuireadh fad leis an tréimhse mar gheall ar na laethanta saoire) sna háiteanna seo a leanas:

• Oifigí an Choimisiúin Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902, idir 9:15rn agus 5:30in, Luan go hAoine (gan laethanta saoire poiblí a bheith san áireamh);

• Oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Áras na Cathrach, Bóthar na Coláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn a huaireanta oscailte don phobal; agus

• Is féidir cóip leictreonach de na pleananna, na sonraíochtaí agus an RTN a fheiceáil agus a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo a leanas ón Luan 17 Samhain 2025 go dtí an Luan 12 Eanáir 2026 (an dáta deiridh san áireamh): https://KingstonParkMillersLane.com.

Is chuig an gCoimisiún Pleanála ('An Coimisiún') amháin, ag 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902, a fhéadfar aighneachtaí agus tuairimí a sheoladh roimh 5:30in ar an Luan 12 Eanáir 2026, maidir leis na nithe seo a leanas:

I. Na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt atá bheartaithe ar an bpleanáia chuí agus ar an bhforbairt inbhuanaithe sa cheantar lena mbaineann;

II. Na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag an bhforbairt atá beartaithe ar an gcomhshaol; agus

III. Na héifeachtaí suntasacha a mheastar a bheidh ag an bhforbairt atá beartaithe ar shuíomh Eorpach.

Féadfaidh an Coimisiún, i ndáil le hiarratas faoi alt 177AE maidir le forbairt:

• An t-iarratas i leith na forbartha a cheadú, le coinníollacha nó gan aon choinníollacha

• Diúltú don iarratas forbartha.

Féadfaidh aon duine bailíocht aon chinnidh dá leithéid a cheistiú trí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach, de bhun Ordú 84 de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha (I.R. Uimh. 15 de 1986, arna leasú le I.R. Uimh. 691 de 2011), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Is féidir eolas praiticiúil maidir leis an gcóras athbhreithnithe a fháil faoin gceannteideal 'Eolas ar chásanna / liostaí seachtainiúla — Athbhreithniú Breithiúnach ar Chinntí Pleanála' ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.Pleanala.ie) nó ar shuíomh gréasáin an tSeirbhís Eolais do Shaoránaigh (www.CitizensInformation.ie).

Is é an Luan 12 Eanáir 2026 ag 5:30in an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí a sheoladh chuig An gCoimisiún Pleanála.